Seas an Mathair brónac cráidte
Le hais Croise céasta a bláit-Mic
Deora teo dá bfearad aici.
Claideam an caointe, claideam na Tuirse,
Claideam an catuigte ‘s an striosta
Sáidte tríd a hanamain.
Ó nac brónac catac céasta,
Is a croide le buairt dá réabad
Buime an éin-Mic beannuige.
Mar ba dubac agus ba scíosmar
Caoi na Mátar mánla dílse,
Pianta a Mic ag amarc di.
An bfuil aoinne beo nac gcaoinfead,
Mátair aoibinn Críost mar cífead
I bpeannaroib den tsamail sin?
Cia d’féadfad mactnam ar an Mátair
Ag déanam catuigte dá grád geal
Gan dul i burardream maille leí?
Ar son coirte an cinid daonna
Connaic Íosa caoir dá céasad
Is é ag an sciúirse bascaite.
Do connaic a milis-Mac an Mátair
Néallta is doilbeact an báis air
Go dubac ag tabairt a anama.
Méis do bróin, a Mátair milis,
A tobair gráid, tabair dom le tuigsint,
Go ndéanfad caoine maille riot.
Las mo croide le díograis cumainn
d’Íosa Críost tá ós cionn na huille,
D’fonn a réir do leanamain.
A Mátair mánla, cuir-se créacta
An tSlánuigteora, le tairngí a céasad,
I lár mo croide in acrann.
Peannaidí do mic do deonuig
Ar mo sonsa cartad is leonad
D’fulaing, roinn lem anamsa,
It’focair leig dom caoi go cráibteac
Masla is neim an Céasta cásam,
An faid is bead san beata so.
Ag an gcrois dob áil liom seasam;
Is com-cuma do déanam it’ farrad,
In uaillib is i gcatuigtib.
A coin-óg na n-og ró-uasal,
It’ comluadar leig dom buardrea,
A Mátair ná bí searb liom.
Daingnig bás do Mic im croide-se
Tabair páirt ina Páis dom intinn
Is cuimneam ar a cneadaca.
Teigead gac cnead leis tríd an gcroide agam,
Pianta a croise ar míntinn goillead
Bádad mé fuil an arad-Mic.
A Maigdean mánla tabair dom congnam,
Tar dom éileam lá an breiteamantais
Ar an lasair seacam mé.
A Críost, an tan nac fuláir dam éagad
Tré eadarguide do Mátar naomta,
Dáiltear craob an cata dam.
Bronn ar mánamsa go fáilteac
Trát an colann daonna fágfaid,
Glóir is aoibnes Parrtais.
Amen.